Sean-Nós Cois Life: 20-22 Aibreán 2012
Éisteacht le ceol fá aoibhneas, ól scoth fíona ar suaimhneas
 
Sean-Nós Cois Life 2022
1ú-3ú Aibreán

Bhí Sean-Nós Cois Life ar ais beo in 2022, ón 1-3 Aibreán, le seisiúin amhránaíochta agus ceardlann i Club na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell. Bhain an comhluadar ar fad an-taitheamh as an deireadh seachtaine, agus bheith i mbun sean-nós beo arís.

Ceardlanna amhránaíochta agus lúibíní
Cuireadh sraith ceardlanna ar fáil ar líne i bhfoirm físeán chomh maith. FÉACH AR NA CEARDLANNA >>


Aíonna na Féile
Amhránaithe
Traolach Ó Conghaile (Contae Mhaigh Eo),
Naoise Mac Cathmhaoil (Contae Dhún na nGall),
Seosamh Ó Críodáin (Contae Chorcaí)
Eithne Ní Chatháin (Contae Chill Dara),
Séamus Ó Beaglaoich (Contae Chiarraí)
Méabh Ní Bheaglaoich (Contae Chiarraí)

Tuilleadh eolais faoi na haíonna >>


Gradam Shean-Nós Cois Life

Bronnadh Gradam 2020 ar Chlub Amhránaíchta an Ghóilín, agus Gradam 2021 ar Sheosamh Ó Críodáin ag an seisiún oíche Shathairn le linn na féile. 
Bronnadh Gradam 2022 ar Éamon Ó Bróithe le linn an seisiún amhránaíochta ag Club an Ghóilín ar an 11 Samhain 2022.  Tuilleadh eolais faoin ngradam >>



Séamus Ó Beaglaoich ar shlí na fírinne
Ba mhaith le Sean-Nós Cois Life comhbhrón ó chroí a dhéanamh le gaolta agus le cairde uilig Shéamuis Uí Bheaglaoich. Táimid anseo i mBaile Átha Cliath, chomh maith le gach duine ar fud na tíre, croíbhriste go bhfuil sé imithe uainn. Ní dhéanfaimid dearmad ar an spraoi a bhí againn ar fad nuair a chaith sé seal go fial flaithiúil linn ag Sean-Nós Cois Life in Aibreán 2022 in éindí lena iníon Méabh, Fanfaidh a chuid ceoil, a chuid amhrán álainn agus a chomhluadar geanúil iná gcuimhne go deo.
   
    Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín
Gradam 2020 á bhronnadh ar
Chlub Amhránaíochta an Ghóilín
 
Gradam 2021 á bhronnadh ar
Sheosamh Ó Criodáin
 
 
Séamus Ó Beaglaoich ag Sean-Nós Cois Life 2022