Sean-Nós Cois Life: 20-22 Aibreán 2012
Éisteacht le ceol fá aoibhneas, ól scoth fíona ar suaimhneas
 
Sean-Nós Cois Life 2020.  Ceardlanna Amhránaíochta & Damhsa

De bharr treoirlínte a bhain le COVID-19, níor tharla ceardlanna SNCL2020 mar a bhí beartaithe ar an 4/4/20. Tá áthas orainn 7 gcinn de cheardlanna amhránaíochta, damhsa agus lúibíní a chur ar fáil anseo thíos, mar chuid den fhéile ar líne ón 26-27 Meitheamh. Tá 5 cheardlann amhránaíochta, ceann amháin a bhaineann le lúibíní, agus ceann amháin damhsa.

Due to COVID-19 restrictions, the workshops for SNCL2020 did not take place as planned on 4/4/20.  We are now delighted to provide 7 workshops below, in sean-nós singing, dancing and lúibíní, as part of the online festival from 26-27 June.  There are 5 singing workshops, one regarding lúibíní and one dance.

   
    Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín
Ceardlann Amhránaíochta 1  
Bláithín Mhic Cana

Is as Contae Ard Mhacha do Bhláithín agus is é an t-amhrán atá aici dúinn sa gceardlann 10 nóiméad seo ná Neilí Bhán.

PDF: Neilí Bhán.
.
Ceardlann Amhránaíochta 2  
Étáin Ní Churraoin

Is as Ráth Chairn i gContae na Mí do Étáin agus is é an t-amhrán atá aici dúinn sa gceardlann 10 nóiméad seo ná Eochaill.

PDF:  Eochaill
.
Ceardlann Damhsa  
Evan Ó Gríofa

Is as an Trá Bháin i gConamara do Evan.

Is amhránaí agus damhsóir é.

Taispeánfaidh sé cúpla céim damhsa dúinn sa gceardlann 10 nóiméad seo.


.
Ceardlann Amhránaíochta 3  
Sláine Ní Chathalláin

Is as Corca Dhuibhne do Shláine áit a mbíonn sí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus is é an t-amhrán atá aici dúinn sa gceardlann 10 nóiméad seo ná An baile 'tá láimh léi siúd.
PDF: An baile 'tá láimh léi siúd.

Seo físeán eile: Pádraig Ághas ag canadh An Baile atá Láimh Leí Siúd sa bhliain 1967 ar YouTube. Rinneadh an taifead i dtig Bheaglaoi Baile na nGall. Jack ab ainm dó agus ní Padraig mar atá mar theideal ar an bhfíseán, a thuigimid.
.
Ceardlann Amhránaíochta 4  
Daire Ó Baoill

Is as Contae Dhún na nGall do Dhaire agus is é an t-amhrán atá aige dúinn sa gceardlann 10 nóiméad seo ná Gaoth Bearra na dTonn

PDF: Gaoth Bearra na dTonn
.
Ceardlann Lúibíní  
Ógie Ó Céilleachair

Ón Rinn i gContae Phort Láirge do Ogie. 

Is amhránaí é ach sa cheardlann 10 nóiméad seo beidh sé ag plé le Lúibíní agus le hAgallaimh Bheirte
.
Ceardlann Amhránaíochta 5  
Seosamh Ó Críodáin

Is as Múscraí do Sheosamh agus is air a bhronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life in 2020. Is é an t-amhrán atá aige dúinn sa gceardlann 10 nóiméad seo ná an Poirtín.

PDF: An Poirtín


'seo amhrán a chum Diarmaid Ó Tuama, as Cúil Aodha, nuair a bhí sé ina dhéagóir, lá a bhí sé ag iompú móna sa phortach, agus tháinig an t-amhrán seo chuige.
.