Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2013
Lógó an Ghóilín
Lógó Fhoras na Gaeilge
Gradam Shean-Nós Cois Life 2012

Bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life ar Mhícheál Ó Cuaig, ag ócáid thaitneamhach i gClub na Múinteoirí ar an Satharn, 21 Aibreán.

Bronntar an gradam seo gach bliain ar dhuine éigin a meastar go bhfuil saibhriú faoi leith déanta aige nó aici ar an amhránaíocht dhúchasach thar na blianta. 

Is as ceantar Chill Chiaráin i gConamara do Mhicheál Ó Cuaig. Tá aithne fhorleathan air toisc a chuid oibre le Féile Chomórtha Joe Éinniú go príomha. Tá taighde déanta aige ar amhráin a cheantair dhúchais agus tá sé ag múineadh amhrán do dhaoine óga le fada an lá. Aithnítear é mar amhránaí breá a bhfuil stór d’amhráin áitiúla agus neamhchoitianta aige. Is mar chomhartha ómóis agus measa dá chuid oibre ar son traidisiún a cheantair dhúchais féin a bhronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life air le linn na féile i mbliana.

Micheál Ó Cuaig is from Cill Chiaráin in Conamara. He is widely known and respected mainly for his untiring work with Féile Chomórtha Joe Éinniú (Joe Heaney Festival of Traditional Singing). He has researched the songs of his own locality and has been passing them on to the younger generations of singers in his area for many years. He is recognised and respected as a fine traditional singer who has a store of local and unusual songs.

LÉIGH ALT FAOI BHRONNADH AN GHRADAIM I SAOL NA GAEILGE >>
An Gradam. Cóipcheart SNCL

An Gradam. Cóipcheart SNCL

Mícheál Ó Cuaig