Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín
Gradam Shean-Nós Cois Life 2014

Ar ócáid speisialta le linn na féile Sean-Nós Cois Life a bheidh ar siúl 4-6 Aibreán 2014 bronnfar 'Gradam Shean-Nós Cois Life' ar Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha (Conamara)

Club na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1
Dé Sathairn 05/04/2014
9.00pm

Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha
Tá aithne fhorleathan ar Johnny mar amhránaí sean-nóis agus bíonn sé le cloisteáil go minic ag féilte ar fud na tíre. Is amhránaí paiteanta é agus fear uasal lách a thugann spreagadh agus cúnamh d’amhránaithe óga agus iad i mbun foghlama.  Is mar chomhartha ómóis agus measa dá chuid oibre ar son traidisiún a cheantar dúchais a bhronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life air le linn na féile i mbliana.



Is mar chomhartha ómóis agus measa a bhronntar an gradam seo, píosa dealbhóireachta ó láimh an ealaíontóra Clíodhna Cussen. Ar an mbonn cré-úmha a bhronnfar, tá íomhá ón scéal miotaseolaíochta Iomramh Bhrain, ina mealltar Bran go dtí an saol eile le hamhrán álainn.