Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín
Gradam Shean-Nós Cois Life 2012

Ar ócáid speisialta i gClub na Múinteoirí ar an 13 Aibreán, bronnadh  'Gradam Shean-Nós Cois Life' ar Mháire Ní Chéileachair (Corcaigh)
as ucht an saibhriú atá déanta aici ar an amhránaíocht dhúchasach thar na blianta.

Tógadh Máire ar an bhFearann i gCo. Chorcaí agus is ó Chill na Martra dá muintir. Dob í Máire an chéad stiúrthóir ar “Aisling Gheal” – Scéim Forbartha Amhránaíochta Mhúscraí – sa bhliain 2000 agus tá blianta caite aici i mbun ranganna do aos óg Mhúscraí. Is ball de Acadamh Fódhla í,  a bhronn bonn óir uirthi i 2012 agus tá aithne fhorleathan uirthi mar amhránaí a bhíonn le cloisteáil go minic ag féile ar fud na tíre. Is mar chomhartha ómóis agus measa dá chuid oibre ar son traidisiún cheantair Mhúscraí a bhronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life uirthi le linn na féile i mbliana.

Bhí slua mór i láthair ag an ócáid chun tréaslú le Máire, agus a gradam a cheiliúradh léi.  Labhair Peadar Ó Riada, Cúil Aodha, agus bhí ardmholadh aige don obair ar fad atá déanta ag Máire ag cothú traidisiún na hamhránaíochta sa cheantar thar na blianta, go háirithe i measc an aos óig.

Comhghairdeas mór leat a Mháire!
Máire Ní Chéilleachair
Máire Ní Chéilleachair agus Peadar Ó Riada ag an mbronnadh.
Máire Ní Chéilleachair
Antaine Ó Faracháin ag bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life ar Mháire Ní Chéilleachair.