Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín
Stair na Féile
Bunaíodh Sean-Nós Cois Life i 1992 agus is í príomh-aidhm na féile ná deis a thabhairt do dhaoine amhráin sa stíl dhúchasach a fhoghlaim agus a chasadh. Is chuige sin a chuirtear na ceardlanna agus na seisiúin ar siúl. Ba mhaith linn freisin ardán a thabhairt d’amhránaithe nach gcloistear ach go hannamh taobh amuigh dá ndúthaigh féin, ardán atá neamhspleách ar aon chineál comórtais.

Na ceardlanna:
Bíonn na daoine a fhreastalaíonn ar na ceardlanna an-sásta lena gcaighdeán de ghnáth agus bíonn ócáid an-taitneamhach ann nuair a thógann muid na ranganna ar fad le chéile chun éisteacht lena chéile.
Cláraigh linn le heolas faoin bhféile a fháil ar ríomhphost amach anseo
 
Cé a bhíonn ann?
Freastalaíonn meascán deas daoine idir óg agus shean  ar an bhféile, agus ba mhaith linn a cheapadh go n-éiríonn linn daoine ar bheagán Gaeilge a mhealladh chomh maith leo siúd a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Tagann cuid mhaith daoine nua ag an bhféile gach bliain chomh maith lenár gcairde dílse a bhíonn linn gach bliain. Is deas agus is suntasach an rud é go mbíonn cuid mhaith daoine óga mar aíonna againn freisin.

Cad a tharlaíonn ann?
Bíonn éagsúlacht mhaith ann maidir leis na haíonna a bhíonn i láthair, rud a chinntíonn meascán deas de cheol, d’amhránaíocht agus de dhamhsa, agus a léiríonn stíleanna éagsúla. Bíonn cuid de na haíonna amhránaíochta in ann uirlis cheoil a sheinm chomh maith agus bíonn píosaí beaga filíochta, scéalta, lúibíní agus agallaimh bheirte againn ó am go chéile freisin.

Ómós do Chiarán Ó Con Cheanainn:
Chuir bás tobann den duine ab óige ar an gcoiste Ciarán Ó Con Cheanainn go gairid roimh an fhéile  i 2009 isteach go mór orainn. Ba mhór an chabhair é i gcónaí agus bhí meas forleathan air mar amhránaí. Ba bhall díograiseach de choiste Shean-Nós Cois Life i gcónaí é ón am ar chuir sé é féin ar fáil go fial agus go flaithiúil chun cabhrú le heagrú na féile. Mhothaigh muid agus mothaíonn muid fós uainn é. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal Gaelach.
Ainm/Name:
R-phost/email:
Click for new image