Seosamh Ó Críodáin
Is tréith lárnach thábhachtach í de chultúr na hamhránaíochta dúchasaí in Éirinn go gcuireann an  t-amhránaí aonair áilleacht an chultúir sin i láthair dá p(h)obal. Ach is fíor freisin go ndéanann cuid de na hiompróirí cultúir sin, iarracht speisialta saibhreas an chultúir sin atá acu féin a fhorbairt agus a sheachadadh do dhaoine eile, go speisialta do dhaoine óga.

Is duine den saghas sin é an t-amhránaí dúchasach Seosamh Ó Críodáin.  Is mar aitheantas agus mar chomhartha ómóis don ghné sin dá chuid ealaíne go speisialta a bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life 2020 air.

Bronntar Gradam Shean-Nós Cois Life gach bliain ar dhuine nó ar dhaoine a meastar go bhfuil saibhriú faoi leith déanta acu ar an amhránaíocht dhúchasach thar na blianta.

Is mar chomhartha ómóis agus measa a bhronntar an gradam seo, píosa dealbhadóireachta ó láimh an ealaíontóra Clíodna Cussen.  Ar an mbonn cré-umha a bhronnfar, tá íomhá ón scéal miotaseolaíochta Iomramh Bhrain, ina mealltar Bran go dtí an saol eile le hamhrán álainn.


Seosamh Ó Críodáin
An important aspect of traditional singing in Ireland is that the singer presents the inherent beauty of this culture mainly as a solo singer within his/her own community. But another vitally important aspect of the tradition is that some tradition bearers make special efforts to ensure that the beauty of this culture is developed and passed on to others within their community, especially to younger generations.

Seosamh Ó Críodáin is one such tradition bearer.  It is in recognition and appreciation of this particular aspect of his art that the Gradam Shean-Nós Cois Life 2020 award was presented to him.

The Gradam Shean-Nós Cois Life award is presented each year in recognition of the special contribution made by the recipient to traditional singing in the Irish language.
   
    Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín
Gradam Shean-Nós Cois Life 2020 ar ZOOM

De bharr treoirlínte a bhain le COVID-19, bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life 2020 ar an amhránaí dúchasach Seosamh Ó Críodáin go fíorúil ar Zoom, ag ócáid fíorthaithneamhach ar an Satharn, 27 Meitheamh 2020.

Due to COVID-19 restrictions, the Sean-Nós Cois Life 2020 Award was presented to the traditional singer Seosamh Ó Críodáin, virtually on Zoom, during a very enjoyable occasion on Saturday 27th June 2020.