Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín
Gradam Shean-Nós Cois Life 2011

Dé Sathairn 02/04/2011, Club na Múinteoirí,

Ba í oíche Shathairn buaicphointe na féile, nuair a bronnadh an Gradam Shean-Nós Cois Life ar an Dr Lillis Ó Laoire, as ucht an tsaibhrithe atá déanta aige ar an amhránaíocht dhúchasach thar na blianta.
Is as Gort a' Choirce i nGaeltacht Thír Chonaill é Lillis, agus thosaigh sé ag cur suime suim sna hamhráin ar an sean-nós agus é ina mhac léinn i nGaillimh. Bhain sé céim dhochtúireachta amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, lena thráchtas faoi sheachadadh traidisiún agus amhrán Oileán Thoraí, tráchtas a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht ina dhiaidh sin: Ar Chreag i lár na Farraige.  Tá tréimhsí caite aige ag léachtóireacht in Ollscoil Luimnigh agus i Loyola Marymount University i Los Angeles. Faoi láthair tá Lillis mar léachtóir in Ollscoil na Gaillimhe agus é mar Cheann ar Scoil na dTeangacha, na Litríochta agus an Chultúir. D’eisigh sé an t-albam Bláth Gach Géag dá dTig in 1992 ar lipéad CIC. Ach ní hamháin ag bailiú amhrán agus ag caint fúthu a bhíonn Lillis, nó tá an gradam is mó atá ann d’amhránaithe ar an sean-nós buaite aige faoi dhó, nuair a rug sé leis Corn Uí Riada in 1991 agus 1994.

Ag labhairt dó ar an oíche chuir a dlúthchara Briain Ó Domhnaill síos ar an méid atá déanta ag Lillis ag bailiú amhrán traidisiúnta ar fud Thír Chonaill agus níos faide i gcéin, agus ar a fhlaithiúil agus a bhíonn sé lena chuid eolais agus a chuid ama, ag cuidiú le hamhránaithe eile, óg agus aosta.
Agus é ag glacadh leis an ngradaim, ghabh Lillis buíochas leis na daoine ar fad a chabhraigh leis thar na mblianta agus a rinne a gcuid féin ag caomhnú na dtraidisiún dúchasach, cuid acu ar shlí na fírinne anois. Ghabh sé buíochas freisin lena thuismitheoirí chomh maith as an gcinneadh a rinne siad clann a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht, ceann de na cinntí is mó a d’imir tionchar ar a shaol, dar leis.

B’álainn é an gradam féin, bonna cré-umha ó láimh an ealaíontóra Chlíodna Cussen, ar a bhfuil íomhá ón scéal miotaseolaíochta Iomramh Bhrain, ina mealltar Bran go dtí an saol eile le hamhrán álainn.  Bhí oíche go maidin ann i ndiaidh an bhronnta, le hamhránaithe ó gach cearn den tír i mbun a gceirde, ceol breá bríomhar á chasadh agus duine nó beirt ag damhsa ar an sean-nós.
Cóipcheart Sean-Nós Cois Life
Cóipcheart Sean-Nós Cois Life