Sean-Nós Cois Life: 20-22 Aibreán 2012
Éisteacht le ceol fá aoibhneas, ól scoth fíona ar suaimhneas
 
Sean-Nós Cois Life 2021
16ú-17ú Aibreán

Dála 2020, de bharr srianta Covid-19, eagraíodh an fhéile ar líne in 2021 arís, agus d'éirigh go geal léi.

Cuireadh sraith ceardlanna ar fáil ar líne i bhfoirm físeán, agus bhí dhá sheisiún amhránaíochta beo ar líne, tríd Zoom, oíche Aoine i gcomhar leis an Góilín agus oíche Shathairn le lucht SNCL leo féin.


Ceardlanna amhránaíochta agus lúibíní
Cuireadh sraith cheardlanna ar fáil ar líne, ceann ag cur síos ar conas lúibíní a chumadh, agus ceithre cinn inar míníodh agus múineadh amhrán ar an sean-nós.
FÉACH AR NA CEARDLANNA >>



Aíonna na Féile
Amhránaithe
Fearghas Mac Lochlainn (Baile Átha Cliath/Conamara)
Conor Ó Gallchóir (Tír Chonaill)  
Proinnsias Ó Cathasaigh (Ciarraí)   
Mícheál Mac Raghnaill (Liatroim)   
Caitlín Ní Chualáin (Conamara)   
Claire Nic Ruairí (Tír Chonaill)
Lúibíní agus amhránaíocht
Siobhán Ní Mhuimhneacháin (Múscraí)  
Maebh Ní Dhuinnín (Múscraí)

Tuilleadh eolais faoi na haíonna >>


Gradam Shean-Nós Cois Life

Bronnadh an gradam ar Chub Amhránaíochta an Ghóilín le linn an seisiún amhránaíochta ar Zoom ar oíche Shathairn.
Tuilleadh eolais faoin ngradam >>

   
    Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín
Seisiún amhránaíochta & Gradam SNCL
Satharn 17ú Aibreán.
Féach ar fhíseán den seisiún ar Facebook Live.
 
Ceardlanna 2021
Cliceáil ar an íomhá thíos chun teacht ar na físeáin ar fad: damhsa, amhráin agus lúibíní