Gradam Shean-Nós Cois Life 2015

Ar ócáid speisialta le linn na féile Sean-Nós Cois Life bronnadh 'Gradam Shean-Nós Cois Life' ar Liam Mac Con Iomaire.


Liam Mac Con Iomaire
Is as Doire an Fhéidh, Casla i gConamara do Liam Mac Con Iomaire. Tá sé ina chónaí le fada sa Charraig Dhubh, i gCo. Átha Cliath. Chaith Liam tamall mar léitheoir nuachta le RTÉ agus mar mhúinteoir i Scoil Lorcáin sula ndeachaigh sé ag obair sa teanglann i gColáiste na hOllscoile, BÁC. Bhí Liam mar bhall de Choiste Shean-Nós Cois Life ar feadh roinnt blianta áit ar roinn sé a chuid saineolais agus taithí ar amhránaithe le baill eile an choiste.  Is minic a fheictear Liam mar fhear a’ tí ag seisiúin amhránaíochta ag an Oireachtas agus ag ócáidí eile. Tá Gradam Shean-Nós Cois Life á bhronnadh air mar chomhartha ómóis as ucht an méid atá déanta aige thar na blianta ar mhaithe leis an amhránaíocht ar an sean-nós a chur chun cinn agus as an tacaíocht a thugann sé d’amhránaithe sean-nóis eile idir óg agus aosta.

Is mar chomhartha ómóis agus measa a bhronntar an gradam seo, píosa dealbhóireachta ó láimh an ealaíontóra Clíodhna Cussen. Ar an mbonn cré-úmha a bhronnfar, tá íomhá ón scéal miotaseolaíochta Iomramh Bhrain, ina mealltar Bran go dtí an saol eile le hamhrán álainn.



   
    Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín