Gradam Shean-Nós Cois Life 2016

Club na Múinteoirí, 36 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1
Dé Sathairn 16/04/2015
9.00pm

Ar ócáid speisialta le linn na féile Sean-Nós Cois Life a bheidh ar siúl ón 15-17 Aibreán 2016 bronnfar 'Gradam Shean-Nós Cois Life' ar Pheadar Ó Ceannabháin.

Is mar chomhartha ómóis agus measa a bhronntar an gradam, píosa dealbhóireachta ó láimh an ealaíontóra Clíodhna Cussen. Ar an mbonn cré-úmha a bhronnfar, tá íomhá ón scéal miotaseolaíochta Iomramh Bhrain, ina mealltar Bran go dtí an saol eile le hamhrán álainn.









   
    Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín