Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín
Sean-Nós Cois Life: Aíonna 2022

Amhránaithe
Traolach Ó Conghaile (Contae Mhaigh Eo),
Naoise Mac Cathmhaoil (Contae Dhún na nGall),
Seosamh Ó Críodáin (Contae Chorcaí)
Eithne Ní Chatháin (Contae Chill Dara),
Séamus Ó Beaglaoich (Contae Chiarraí)
Méabh Ní Bheaglaoich (Contae Chiarraí)

Gradam Shean-Nós Cois Life
Bronnfar Gradam SNCL 2022 níos déanaí sa bhliain.
The SNCL award for 2022 will be presented later in the year.

Eolas faoi na hAíonna
  Traolach Ó Conghaile
As Maigh Eo do Thraolach Ó Conghaile. I mBaile Uí Fhiacháin a rugadh é ach is i gCathair na Mart a tógadh é ó bhí sé in aois scoile. Tá sé ina chónaí sa Spidéal  agus tá sé ina Leas-phríomhoide ar Scoil Sailearna in Indreabhán. Tá  agllaimh bheirte agus drámaí go leor cumtha aige do ghasúir scoile i gcaitheamh na mblianta. Is amhránaí sean-nóis é agus tá Comórtas na bhFear buaite aige ag Oireachtas na Gaeilge. Chas sé don chéad uair riamh i gCorn Uí Riada nuair a bhí an t-Oireachats i gCathair na Mart. Bhí an ócáid sin an-speisialta dó. Níl aon mhaith déanta aige ó shin! Téann an mallacht ar Mhaigh Eo níos faide ná na peileadóirí!  Bíonn sé páirteach freisin sna hagallaimh bheirte agus sna lúibíní. Is iad na hamhráin agus na h-ealaíona  béil croí agus anam  Oireachtas na Samhna, dar leis.
Tá sé le blianta fada ag múineadh seiteanna i gCathair na Gaillimhe. Bíonn neart gáire sna ranganna céanna. Is ceoltóir é agus casann sé ar an veidhlín. Tá tuiscint leathan aige ar an gcultúr Gaelach agus cuireann sé béim ar leith ar an rannpháirtaíocht idir óg agus aosta. Tá sé an-bhrodúil as líon na n-amhrán  atá luaite le Contae Mhaigh Eo agus an-bhuíoch  do mhuintir Chonamara a choinnigh beo i mbéal na ndaoine iad. Taitníonn go leor amhránaithe éagsúla leis ach is é Darach Ó Catháin agus Dara Bán Mac Donnachadha  a rogha go minic.
  Naoise Mac Cathmhaoil
Chuir Naoise tús lena chuid amhránaíochta sa bhaile lena mháthair agus é ag fás aníos le linn a chuid ama i Scoil Náisiúnta Mhín Tine Dé i nGaeltacht Ard an Rátha ar imeall na Crucacha Gorma. Bhí sé corradh le deich mbliana d'aois nuair a thosaigh sé ag freastal ar ranganna Shean Nóis faoi stiúradh an cheoltóra iomráitigh agus buaiteoir an Chorn Uí Riada 2009 Doimnic Mac Giolla Bhríde.
Tá go leor duaiseanna bainte amach aige ar bhonn náisiúnta agus áitiúla, Corn Áine Eoghain Éamoinn ag Oireachtas na Samhna faoi dhó chomh maith le Comórtas Náisiúnta Amhránaíochta na Fleidhe faoi 18 faoi thrí agus faoi 15 faoi dhó, Corn Éamoinn Ghráinne 2017 agus Corn Uí Chriagáin 2021. Bronnadh Scoláireacht Éamoinn Ghráinne 2018 air agus bhí sé mar amhránaí cónaithe sa tSean Bheairic ar an Fhál Charrach dá bharr.
Tá ceardlanna ar an tSean-Nós tugtha aige i mbunscoileanna agus i meánscoileanna araon, chomh maith le daoine fásta ar líne agus in Ionad Uíbh Eachach i mBéal Feirste.
Bhí sé mar pháirt den chlár Bhriotánach "Sur les Routes du Donegal" le Anne Giroud Esposito i 2020 chomh maith leis an scannán faisnéise a bhí suite ar Oileán Thoraí "The Tribe of Gods" le Löic Jordain.
Le gearrthamall bhí sé mar aoi speisialta ag seisiún fíorúil don Séamas Ennis Arts Centre agus roimhe shin ghlac sé páirt sa chlár "Abair" a bhí faoi stiúradh Dara Yeats mar pháirt de cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig 2021.
Chuir sé go mór lena stór amhrán le linn na dianghlasála agus é ag díriú isteach ar amhránaíocht Iardheisceart Thír Chonaill go háirithe. Tá athbheochan curtha aige ar chuid mhaith de na hamhráin as an cheantar, Cailíní Deasa Shrath Laoighill, An Cailín Deas Donn, Amhrán na mBréag, Amhrán Sheáin Uí hEochaidh,  Bhí mé Thiar i Málainn agus an Chaora Bheag Dhílis ina measc. Tá sé sásta go bhfuil cúlra agus stair na n-amhrán ar eolas aige agus go bhfuil sé anois in inmhe iad a chuir i láthair do lucht éisteachta sa bhaile agus i gcéin.
  Eithne Ní Chatháin
Is ceoltóir, amhránaí agus scríbhneoir amhrán í Eithne Ní Chatháin.
Is as Cill Choca i gCo. Chill Dara d'Eithne ó dhúchas agus tá sí ag cur fúithí i mBaile Átha Cliath le roinnt mhaith de bhlianta anois. Inni-K an t-ainm stáitse atá aici agus trí albam eisithe aici faoin ainm sin. Amhráin indie-folk nua-chumtha atá sa chéad dá albam 'The King has Two Horse's Ears' agus 'The Hare and the Line', ach is ag filleadh ar an sean-nós agus ar a dúchas ceoil atá sí san albam is déanaí uaithí 'Iníon' a eisíodh i mí Feabhra na bliana seo. Naoi n-amhrán dúchasacha le cóiriú agus tionlacan nuálach is ea 'Iníon'. Bíonn Eithne ag múineadh cúrsaí in amhránaíocht ar an sean-nós agus amhránaíocht traidisiúnta i mBéarla chomh maith ar líne. www.irishsinging.com
















Pictiúr: Gradam Ceoil TG4.
Séamus Ó Beaglaoich
I
s duine de theaghlach cáiliúil Bhaile na bPoc i gCorca Dhuibhne é Séamus Ó Beaglaoich a bhfuil stór mór amhrán Gaeilge agus Béarla aige lenar chuir sé lucht éisteachta ar fud an domhain faoi dhraíocht le scór go leith bliain agus breis.Is boscadóir cumasach gus fear maith scéalaíochta freisin.
Bronnadh an gradam Amhránaí na Bliana TG4 air in 2013.
















Pic http://meabhmusic.com/
Méabh Ní Bheaglaoich
Ceoltóir, amhránaí agus cumadóir ceoil agus amhránaí í Méabh Ní Bheaglaoich a rugadh agus tógadh i mBaile na bPoc i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i gCiarraí.
Is óna muintir – a hathair Séamus chomh maith lena huncailí agus a haintíní –  a fuair sí bunús sa cheol agus tá a stíl seiminte ar an mbosca ceoil, chomh maith lena stíl amhránaíochta go mór fé thionchar stíl a muintire go háirithe na polcaí agus na sleamhnáin.
Is le blianta beaga anuas go bhfuil sí tosnaithe ar amhráin agus ceol a chumadh agus tháinig an chéad amhrán a chum sí darbh ainm, “Amhrán na nGael” sa tarna háit sa bhféile Pancheilteach 2017.
Tá sí tar éis bheith páirteach i go leor tograí agus taistil leis an gceol le deich mbliana anuas. Tá camchuairteanna ceoil tugtha aici ar Mheiriceá, Albain, Mór-Roinn na hEorpa, An Rúis, An tSeapáin, An Téaváin agus go leor áiteanna eile nach iad. Bhí sí páirteach sa mhórthogra ilealaíona ‘Aisling’ le leithéidí Máiréad Ní Mhaonaigh, Johnny Óg Connolly agus Caoimhín Ó Fearghaíl fé stiúradh Dharach Mhic an Iomaire. 
D’eisigh sí an t-albam “Cuisle” i gcomhpháirt leis an ngiotáirí Matt Griffin sa bhliain 2015.
Tá an chéad albam dá cuid féin á sheoladh aici fé láthair agus amhráin, idir Ghaeilge agus Béarla, chomh maith le ceol nua-chumtha is mó a bheidh air.
  Seosamh Ó Críodáin
Amhránaí as Múscraí is ea Seosamh Ó Críodáin, atá ag canadh le Cór Chúil Aodha agus lárnach i gCraobh Lactaín Naofa de Chomhaltas i gCill na Martra le blianta. Bhí baint aige ó thús leis an scéim Aisling Gheal a chuir ar chumas daoine óga Mhúscraí na hamhráin shean-nós ón gceantar a fhoghlaim, agus le múineadh na hamhránaíochta i nGaeltacht Chiarraí nuair a bhí sé ag obair thiar ann.  Bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life ar Sheosamh in 2020 mar aitheantas ar an éacht atá déanta aige ó thaobh saibhreas an chultúir a fhorbairt agus a sheachadadh do dhaoine eile, go speisialta do dhaoine óga.