Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín
Sean-Nós Cois Life: Aíonna 2024

Amhránaithe agus Ceoltóirí
Iarla Ó Muirthile (Baile Átha Cliath)
Bláithín Mhic Cana (Contae Ard Mhacha)
Niamh Ní Dhubhgáin (Contae Dhún na nGall)
Bróna Ní Cheallacháin (Contae na Gaillimhe)
Sorcha Ní Scolaí (Baile Átha Cliath)
Sarah-Jane Woods (Baile Átha Cliath)
Tomás Mac Uileagóid (Baile Átha Cliath)

Gradam Shean-Nós Cois Life
Bronnfar Gradam SNCL 2023 ar ar oíche Shathairn. Tuilleadh eolais>>
The SNCL award for 2023 will be presented on Saturday night.  More information>>

Eolas faoi na hAíonna











Iarla Ó Muirthile
Amhránaí agus píobaire is ea Iarla Ó Muirthile a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath, tá sé ina chónaí ann ó shin. Tá a mhuintir fréamhaithe i saol na Gaeilge agus bhí a thuismitheoirí Caoilfhionn agus Liam an-ghníomhach i gcúrsaí litríochta. Ba é a athair a chuir ag amhráníocht ar dtús é agus a spreag a shuim sna hamhráin. Bhuaigh Iarla duaiseanna ag Feiseanna agus Fleánna éagsúla agus é ina bhuachaill óg agus chothaigh múinteoirí ar nós Máire Ní Choilm a spéis san amhránaíocht. Mar dhuine fásta ní bhíodh Iarla ach ag gabháil fhoinn sa bhaile ar feadh i bhfad ach le blianta beaga anuas tá sé tar éis páirt a ghlacadh in imeachtaí ceoil i mBaile Átha Cliath agus timpeall na tíre. Glacann sé páirt i seisiún Amhránaithe an Chlub agus seisiúin eile san ardchathair. Bhain sé duais ag Oireachtas 2022 (Comórtas na bhFear faoi 35). Baineann na hamhráin atá aige le traidisiún saibhir na Mumhan agus is breá leis taighde a dheánamh ar na seanamhráin agus leaganacha éagsúla a lorg.
https://www.youtube.com/watch?v=4Pa94g_-gxo
  Bláithín Mhic Cana
Is as Ard Mhacha Theas do Bhláithín. Tógadh í ag bun Shliabh gCuillinn agus tá cónaí anois uirthi i gCrois Mhic Lionnáin. Thosaigh sí ag cur spéise sna hamhráin agus í ar cuairt ar an nGaeltacht i dTeileann agus nuair a bhí sí san Ollscoil. Tháinig sí faoi thionchar Phádraigín Ní Uallacháin freisin nuair a thug Pádraigín bronntanas dá leabhar ‘A Hidden Ulster’ di nuair a bhí sí 19 mbliana d’aois. Creideann Bláithín go ndéanann an amhránaíocht maitheas don anam agus is fíor di. Tá sí gaolta leis an amhránaí iontach nach maireann Brian Nellie Murphy ó bhun Shliabh gCuillinn.
https://www.youtube.com/watch?v=9djaHSagKAI

FOINSE: https://www.orielarts.com/about/oriel-arts-musicians/
  Bróna Ní Cheallacháin
Is ar an gCré Dhubh i gceantar Chois Fharraige a rugadh agus a tógadh Bróna Ní Cheallacháin.
Tá sí ag casadh ceoil agus ag gabháil fhoinn ó bhí sí ina cailín óg bunscoile. Is ó Mháire Phetair Uí Dhroighneáin a d’fhoghlaim Bróna go leor de na hamhráin atá aici. Bíonn Bróna páirteach go minic i gcoirmeacha agus i gcomórtaisí ceoil agus d’éirigh léi an dara háit a bhaint amach i gCorn na mBan ag Oireachtas 2023. Is breá léi a bheith ag casadh ceoil ar an bhfidil agus ar an bhfeadóg mhór ag na seisiúin áitiúla chomh maith.

https://www.facebook.com/seanmcboc/videos/the-fantastic-singing-in-as-g%C3%A1eilge-of-bronagh-n%C3%AD-cheallach%C3%A1in-she-was-in-padrai/502660750326198/
  Niamh Ní Dhubhgáin
https://www.tiktok.com/@culturnaheireann/video/7270972982145682720
@dhubhgain
Is as oileán Thoraí do Niamh áit a bhfuil traidisiún láidir amhránaíochta ann le fada an lá agus stór amhrán ar leith. Tá an-dúil ag Niamh sna hamhráin sin óna háit dhúchais agus ceolann sí go fonnmhar iad pé áit a dtéann sí. Bíonn sí le cloisteáil á gcasadh ag seisiúin i gConamara, i mBéal Feirste agus in go leor áiteanna eile timpeall na tíre. Ceolann sí le fonn agus le bród óna croí amach iad. 
Niamh Ní Dhubhgáin agus ár gcara dílis Rónán Mac Aodha Bhuí.                            “Dorn san aer do na Gaeil!”
FOINSE: https://www.facebook.com/photo/?fbid=3489635171182151&set=ecnf.10000407 1068182
  Sorcha Ní Scolaí
Is amhránaí agus píobaire cumasach as Baile Átha Cliath í Sorcha Ní Scolaí atá ag mealladh lucht éisteachta le cúpla bliain anuas lena cuid píobaireachta agus lena cuid amhránaíochta araon. D’fhoghlaim sí a cuid amhránaíochta óna mamó Úna Mhic Mhathúna agus b’é a daideo Séamus Mac Mathúna a spreag a suim an chéad uair ins an amhránaíocht agus ins an bpíb uilleann. Bíonn sí le cloisteáil ag casadh ag Fleadhanna áit ar ghnóthaigh sí go leor duaiseanna dá cuid píobaireachta. Ghnóthaigh sí Corn Sheosamh Uí Éanaigh dá cuid amhránaíochta ag Oireachtas na Samhna in 2022. Tá sí tar éis a bheith ar an stáitse ins an gCeoláras Náisiúnta agus ag an bPicnic Leictreach. Bhí sí ina haoí speisialta ag cúpla féile amhránaíochta freisin, Féile Frank Harte ina measc.   

https://pipers.ie/source/media/?galleryId=1407&mediaId=31840

https://www.youtube.com/watch?v=3HX5iALWXHM
  Sarah-Jane Woods
Is fliútadóir ó Bhaile Átha Cliath í Sarah-Jane Woods. D’fhoghlaim sí a cuid ceoil ó Mhichael Tubridy.  Is múinteoir bunscoile í Sarah-Jane agus bíonn sí ag teagasc go seachtainiúil le Craobh Naithí, CCÉ agus go minic ag ceardlanna ceoil ar fud na tire. Tá Craobh na hÉireann buaite aici agus thaisteal sí le Comhaltas agus le grúpaí éagsúla, ina measc, Líadan.

FOINSE: https://flutemeet.org/teachers/

  Tomás Mac Uileagóid
Tá Tomás ag casadh ceoil le breis is daichead bliain ar an veidhlín go príomha, ach casann sé an fheadóg mhór agus an phíb uilleann freisin.  Mhúin sé ceol i gCraobh Naithí CCÉ i gcomhair 20 bliain agus mhúin sé an veidhlín ag ceardlanna éagsúla in Éirinn agus thar lear.
Iar-mhúinteoir scoile atá ann, a mhúin i nGaelscoileana amháin. Tá sé ag déanamh uirlisí ceoil le fada an lá agus is ag déanamh cruiteanna a chaitheann sé fórmhór a chuid ama anois.