Le tacaíocht ó 
    
    Cóipcheart: Sean-Nós Cois Life, 2020
Lógó an Ghóilín
Sean-Nós Cois Life: Aíonna 2023

Amhránaithe
Ódí Ní Chéilleachair (Contae Phort Láirge),
Darren Ó Dubhgáin (Contae Dhún na nGall),
Maidhc Ó Curraoin (Contae na Gaillimhe)
Ciarán Ó Gealbháin (Contae Phort Láirge)
Ciara Ní Bhriain (Fidléir) (Baile Átha Cliath)
Mícheál Ó Briain (Píobaire) (Baile Átha Cliath)

Gradam Shean-Nós Cois Life
Bronnfar Gradam SNCL 2023 ar Chiarán Ó Gealbháin. Tuilleadh eolais>>
The SNCL award for 2023 will be presented to Ciarán Ó Gealbhán.  More information>>

Eolas faoi na hAíonna











Ó chlé: Odí Ní Chéilleachair, Sorcha Ní Chéilleachair, Anne Mulqueen
Ódí Ní Chéilleachair
Is as an Rinn i gContae Phort Láirge ó dhúchas d’Odí ach tá cónaí uirthi le roinnt blianta anois ins na hAille in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara. Is amhránaithe aitheanta freisin iad a deirfiúr Sorcha agus a máthair Anne Mulqueen.
Tá sí pósta leis an mboscadóir Micheál Dairbe Ó Fátharta agus tá beirt chlainne orthu Damhnait agus Déithín. Ní chuirfeadh sé iontas ar éinne a fháil amach gur ceoltóirí agus amhránaithe den scoth iad sin freisin.
Is féidir Odí a fheiceáil agus a chloisteáil anseo ar an gclár ‘Amhráin is Ansa liom’ ar TG4 >>.

Pictiúr - Foinse: Ceol Binn ó na Beanna, RTÉ Raidió na Gaeltachta>>.












Foinse: Darren Ó Dubhgáin
Darren Ó Dubhgáin
Is mise Darren Ó Dubhgáin agus is as Gort a’ Choirce, i nGaeltacht Dhún na nGall mé. Cé gur tógadh i nGort a’ Choirce mé, chaith mé mo chuid laethanta saoire ón scoil istigh ar Oileán Thoraí agus mé ag fás aníos. Is istigh ar Oileán Thoraí, i gcuideachta  mo dhaoine muinteartha agus cairde a fuair mé blaiseadh den amhránaíocht ar an tsean-nós den chead uair ariamh.
Bhí na hamhráin thart orm sna tithe agus cha raibh agam ach éisteacht le h-iad a thógáil. Ar dhóigh amháin, char thuig mé ag an am, agus mé beag go raibh oiread measa agus grá ag muintir Thoraí don amhránaíocht. Bhí deis agam féin agus mo chuid col ceathracha amhrán s’againn féin a fhoghlaim agus a cheol ag Feis Thoraí & Féile Jimmí Mháirí Bhillí - deireadh seachtaine mór ceoil agus ceiliúradh i gcuimhne m’athair mór féin, a bhí báite sa traidisiún.
Thug sé seo ardán dúinn. Thug sé spás dúinn le fás agus le forbairt, rud a bhí, agus atá iontach tábhachtach go fóill.
Nuair a bhí mé réidh sa mheánscoil, bhog mé go Gaillimh, áit a ndearna mé céim sa Ghaeilge agus sa Ghearmáinis agus Máistreacht sa Chumarasáid. Is ag an am seo a thosaigh  mé ag cur níos mó suime san amhránaíocht. Bhí mé ag ceol níos minice, ag foghlaim amhráin úra, ag déanamh staidéir ar an traidisiún, ag éisteacht le hamhránaithe as Toraigh, agus ó áiteacha
eile, agus ag cur suim sna scéaltaí.
Ó shin i leith, bím ag glacadh páirte i gcomórtáisí difriúla ar nós Oireachtas na Samhna agus bím ag ceol ag féilte difriúla anois agus aríst fosta. Tá mé lonnaithe i nGaillimh anois agus ag obair sna meáin mar láithreoir le TG4. Tá mé ag súil go mór le níos mó amhráin ó Thoraigh a fhoghlaim amach anseo agus an traidisiúin saibhir seo a choinneáil beo beathach.

Tá cúpla físeán déanta ag Darren do Cúla4 ar Scoil ar TG4 áit a múineann sé rogha amhrán, ina measc na hamhráin seo:
A stór a stór a ghrá>>

An Maidrín Rua>>












Foinse: An clár Comhrá ar TG4>>
Maidhc Jimmy Ó Curraoin
Is as an Trá Bháin ó dhúchas do Mhaidhc Jimmy cé go bhfuil cónaí anois air i Leitir Caladh. Tá triúr clainne air. Bíonn sé ag plé le forbairt pobail i gConamara agus tá suim mhór aige sna báid. Ceantracha láidre amhránaíochta i gConamara iad An Trá Bháin agus Leitir Caladh araon agus tá sin le cloisteáil in amhráin agus in amhránaíocht Mhaidhc. Tá an-áthas orainn i Sean-Nós Cois Life é a bheith inár gcomhluadar in 2023.
Is féidir éisteacht le Maidhc ar an gclár ‘Comhrá’ ar TG4 anseo>>











Foinse: Ciarán Ó Gealbháin
Ciarán Ó Gealbháin
De bhunadh an tSean-Phobail i nGaeltacht na nDéise é Ciarán Ó Gealbháin. Iarbhall den ghrúpa ceoil Danú, amhránaí agus ceoltóir is ea é chuireann suim ar leith i dtraidisiún ceoil agus amhránaíocta na nDéise. Chuir sé suim san amhránaíocht ar dtúis agus é ina dhéagóir, ar scoil i Meánscoil San Nioclás sa Rinn ua gCuanach le hEibhlín Bean Uí Dhonnchadha agus níos déanaí le hÁine Ó Ceallaigh. Thóg sé a chuid amhrán ar scoil; ó amhránaithe an cheantair; agus óna chara mór, Séamus Mac Craith, An Móta, An Rinn ua gCuanach. Dála mórán eile sa gceantar, tá grá ar leith aige d'amhránaíocht mhuintir Tóibín, Baile Uí Raghallaigh, agus tháinig sé go mór faoina dtionchar. Ba chara mór leis Eibhlís Tóibín Bean de Paor, agus tá cuimhní speisalta ag Ciarán ar Shean Nós Cois Life na bliana 2012, tráth ar thionlacan sí chun na hArdchathrach é mar aoi speisialta de chuid na féile. Scríobh Ciarán tráchtas dochtúireachta i Roinn an Bhéaloidis, COC, ar ghnéithe éagsúla de thraidisiún amhránaíochta na nDéise agus tá roinnt mhaith alt foilsithe aige ar an ábhar sin. Tá sé ag léachtóireacht faoi láthair i Roinn an Bhéaloidis, COC, agus tá sé ar dhuine d'eagarthóirí Béascna: Iris Bhéaloideasa agus Eitneolaíochta. Tá taifeadtaí déanta aige mar amhránaí agus mar cheoltóir aonair, agus le grúpaí agus bannaí éagsúla anuas tríd na blianta.

Is ar Chiarán a bhronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life in 2023.

Is féidir breathnú ar Chiarán anseo nuair a bronnadh ‘TG4 Amhránaí na Bliana’ air in 2001 agus é ag casadh ‘An Páistín Fionn’ leis an ngrúpa Danú ar YouTube>>










Foinse: Grianghraif Facebook>>
Mícheál Ó Briain (Píobaire) & Ciara Ní Bhriain (Fidléir)
Athair agus iníon agus beirt cheoltóirí den chéad scoth iad Mícheál Ó Briain agus Ciara Ní Bhriain arb as Cluain Tarbh i mBaile Átha Cliath iad. Tá tuiscint an-leathan agus an-domhain acu ar cheol traidisiúnta na hÉireann. Tá suim ar leith ag Mick ins na hamhráin mhóra agus tá Ciara ar cheann de scothfhidiléirí traidisiúnta na tíre seo. Deirtear go dtagann an ceol is fearr amach i gcónaí nuair a bhíonn comhluadar geanúil i láthair agus le Mick agus le Ciara is cinnte go mbeidh sin amhlaidh.

Is féidir féachaint ar Chiara agus ar Mhícheál ag seinm ag Scoil Samhradh Willie Clancy ar 06 Iúil 2022 anseo ar chlár Áine Hensey ar RTÉ Raidió na Gaeltachta>>